[ad_1]
NÃor casadh Mary OâRourke orm ach faoi dhó. Nuair a bhà sà ina hAire Oideachais sna blianta léanmhara sin ag deireadh 80à na haoise seo caite, déanadh ár agus léirscrios ar go leor de sheirbhÃsà poiblà an stáit ar scáth córa fiscil. Baineadh na teagascóirà páirtaimseartha go léir a bhà agamsa sa roinn a raibh mé i gceannas air i gColáiste Phádraig dÃnn, rud a dâfhág creachta sinn, mo léann gear.
NÃl tuairim agam cad iad na cúlbhóithrÃnà a shiúlaÃos chun agallamh a fháil leÃ, ach nà foláir nó gur oibrigh mar gan aon rómhoill bhà sà ina suà os mo chomhair ina hoifig le giolla éigin dá cuid, agus mise ansiúd le cáipéisà ar a raibh figiúir agus staitisticà agus grafanna agus le gach trealamh ba ghá chun cás a chur faoina bráid. Is ag iarraidh cuid riachtanach dár bhfoireann teagaisc a fháil ar ais a bhà mé, mo chuid argóintà agus áitimh go binn réidh ullamh ar mo bhéal.
Casadh polateoirà orm feadh an ama agus ba dhóigh leat gur laistiar de phlána gloine dothreáite nó sciath chosanta iarainn a bhÃodar ag caint leat. Is é sin, bâfhollas gurbh fhuar agat dul i bhfeidhm orthu beag ná bÃdeach.
NÃor mar sin do Mary. Dâéist sà go béasach, labhair liom go séimh is go réasúnta, phléigh an cheist go meáite, dâfhéach idir an dá shúil orm, ach nÃor go bagrach, dâiarr ar a giolla nótaà a thógaint, agus choinnigh an miongháire sin ar a béal ar miongháire é gan aon bhaol go dtitfeadh siar ina straois nó ina strabhas.
Cé go raibh fearg agus frustrachas orm ar mo dhul isteach sa seomra, bhà leáite go leor orthu tar éis tamaill, nó ar a laghad bhà urú dulta orthu agus iad curtha i bhfolach i nideog éigin dem chorp. Nà plámás a dhein an séimhiú orm, ná béal bán, ach focal éigin atá gaolmhar leo nach bhfuil ceaptha againn fós.
De ghnáth, bâé seo an tráth go ndéarfadh polaiteoir leat go ndéanfaidÃs a dhÃcheall, nó go ndéanfaà athbhreithniú air, nó gur ghairid go mbeadh idir lámha, nó cibé friotal a chomharthódh milseacht bhriathar agus sÃnteoireacht aimsire. NÃorbh é sin a tharla, áfach, ach tugadh le tuiscint dom, arÃs go béasach is go sibhialta is go caoin, ach gan aon fhocail a úsáid go bhféadfaà a rá le haon deimhne gurbh é sin ba chiall leo, nach ndéanfaà faic! Agus nÃor déanadh. Turas in aisce ar fad a bhà ann agus bheadh orm mo chip de cháipéisà is mo mheanaà de pháipéarachas a chur sa reoiteoir don chéad iarracht eile.
Dúirt sà rud amháin, áfach, ar fhágaint an tseomra dom arbh ait liom é ag an am.
âAn chéad uair eile a fheicfidh mé tú, Alan,â ar sise, âbeidh aithne agam ort.â
NÃor thógas aon cheann faoi leith de bhladar dá leithéid go dtà tuairimi is dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ráinig mé a bheith ag cruinniú in óstán i lár na cathrach i mBaile Ãtha Cliath tráthnóna Céadaoin éigin. Ar mo shlà amach cé a chasfadh liom sa doras ar a slà isteach ná an tAire féin, Mary OâRourke.
âHello, Alan,â ar sise go brÃoch âconas tá tú? Tá súil agam go bhfuil tú go maith.â
Nà gá a rá nach bhféadfainn freagra a thabhairt mar bhÃos balbh ar an toirt, rud is annamh.
Conas mar a dâéirigh léi cuimhneamh ar dhuine amháin as na mÃlte a gcasadh sà orthu ar shiúl seachtaine tar éis dhá bhliain iomlána? Arbh é an cumas sin, fara nithe eile, a dhein polaiteoir go smior ó bharr a cinn go hÃochtar ladhracha a cos, ó mhullach talamh, ó sháil go rinn de Mary OâRourke?
[ad_2]
Source link